Cailíní Leathnach 1 ar Foinse

Féach mar a bhaineann fiú an blag seo úsáid as íomhanna 'cheamra charadach' chun súil an leitheora a mhealladh!

Bhí trath ann go mbíodh nuachtáin á cheannach ag na milliún leitheoirí ar mhaithe le radharc a fháil ar chailíní leathnach 3 i nuachtáin tablóideacha ar nós an ‘Sun’ agus ‘Mirror’ is a leithéid.

Agus is minic go mbíodh na nuachtáin mór bhileogach mór uasal ag caitheamh anuas ar an gcleachtas íseal seo agus iad ag maíomh nach ndéanfaidís a leithéid chun leitheoirí a mhealladh.   Ach is minic ar bhain na nuachtáin céanna as íomhánna de na cailiíní barr-nochtaithe seo chun an argóínt sin a dhéanamh.   Bí ag caint ar fhimíneacht.

Is cinnte gur ceann de na ghnéithe is súntasaí faoi ‘Foinse’ nua ón am ar athsheoladh é go mbionn bean alainn ó TG4 nó a leithéid ar an bpríomh leathnach gach seachtain. Bionn an bean dea ghléasta agus go leor craicinn le feiscint – cé nach feidir a rá go bhfuil siad nocht nó leath nocht mar a bhíodh cailíní Leathnach 3 an Sun agus an Mirror agus, ná dearudaimís, an Star.

An tseachtain seo chaite b’í an amhránaí Meirceánach ‘Beyoncé’ a bhí ar phríomh leathnach an nuachtáin agus gan de scéal ag gabhail leis ach go raibh bean ‘le dealramh an amhránaí chun bheith ag cur i lathair leagan MTV de ‘Paisean Faisean’.

An tseachtain seo tá Dearbhla Lennon, duine de na réaltaí atá luaite le clár rince nua TG4, An Jig Gig, ar an bpríomh leathnach.  Bean alainn gan aon amhras – cé nach cosúil go bhfuil si gléasta don rínce Gaelach an oiread is go bhfuil sí feistithe d’oíche amuigh i gclub rínce.

Os rud é go bhfaigheann ceannaitheoirí an INDO ‘Foinse’ saor in aisce leis an nuachtán sin, ní gá gur ar mhaithe leis an nuachtán a dhíol atá an straitéis seo in úsáid.

Ag an am chéanna, bíonn íomhá de phríomh leathnach ar chéad leathnach an Indo – agus mar sin feictear an íomhá den ‘Bhabe’ Ghaeilge is déanaí ansin….

Tá tuairim agam dá mbeadh seo ina ghnath chleachtas ag eagarthóir fireann go gcuirfí ina leith go raibh sé ag déanamh bheag de mhná agus é á n-úsáid mar seo.   Ach cad is feidir a rá le h-eagarthóir baineann atá seo mar straitéis aici?   Ní h-í an chéad ban-eagarthóir a bhain úsáid as cleasanna a bheadh beagán de náire nó drogall ar a laghad ar eagarthóir fhireann a úsáid – bhí Rebekah Wade ina eagarthóir ar an Sun agus an News of the World trath agus ní gá a rá ná raibh aon leisc uirthí mná agus iad i bhfad Éireann níos nochtaithe ná cailíní phríomh leathnach Foinse a úsáid sa tslí seo.

Tagann an úsáid atá á bhaint ag Foinse as mná mar seo leis an gcur chuige atá ag TG4, staisiún atá tar éis é féin a dhíol leis an bpobal tre úsáid a bhaint as mná alainn ar nós Gráinne Seoighe, Siún Nic Gearailt is eile a chur ag léamh na nuachta ós comhair na gceamraí.      Arís ní rud é seo nach ndeineann gach staisiún teilifíse – seachas ‘Ugly Betty’ ní doigh liom go bhfuil aon staisiún a bhaineann úsáid as daoine nach bhfuil aoibh cheamra charadach acu ‘ós comhair an tí’.

Cuid é seo den ghluaiseacht ‘ghneasú na Gaeilge’ atá ina chuid lárnach anois den cur chuige teanga.   Ní inniu nó inné a thosnaigh sé – ach ní raibh sé riamh chomh follasach is atá sé inniu.

Ní cáineadh é seo ar Foinse ach sa mhéid go bhfuil an nuachtán sin meaite ar ‘leitheoirí na Gaeilge éadroime’ a mhealladh.  B’fhéidir go bhfuil úinéir an nuachtáin, Pádraig O Céidigh, den tuairim go dteipfidh ar Ghaelscéal go luath agus go mbeidh a nuachtán san áit cheart ansan chun teacht i dtír ar dheontas ó Fhoras na Gaeilge.  Níl ansan ach tuairimíocht gan amhras – ach feicim go mbím ana chúid cóipeana de Ghaelscéal fagtha ar an seilf i siopaí eagsúla – i nGaillimh le cúpla lá anuas agus i Múscraí – i lár na seachtaine tar éís go n-éisítear é.  Tugann sé sin le fios dom gur feidir nach bhfuil an díolachán ar an nuachtán go ró mhaith fiú is go bhfuil an nuachtán sna laethannta luaithe, na laethannta nuair a bhionn suim ar leith sa rud nua.

Ceann de na torthaí ar an gcur chuige seo go ndeintear beag de tabhacht na scéalta nuachta sa nuachtán.  Níl aird an leitheora á dhíriú orthu.  Den chuid is mó, tá sé seo díreach chomh maith chomh fada agus a bhaineann sé le Foinse de – nó ní bhionn aon ‘nuacht’ i bhfírinne san fhoilseachán nach mbeadh léite in áit éigean eile roimhe sin.  Inniu, aisteach go leor, tá scéal ann a fhéadfadh suim a bheith ag go leor Gaeilgeoirí ann, ísliú éilimh d’áíteanna ar Choláistí Samhraidh de bharr an chulú gheilleagrach.

Agus tá scéal réasúnta maith istigh freisin – dearcadh an Lucht Oibre i leith Gaeilge éigeantach don Ard Teist, scéal atá réasúnta te de bharr ailt a scríobh Donncha  O hEallaithe ar an ábhar.

Is beag cainte atá faoi sin – mar fhianaise seo mise ag díriú ar an gceist seo agus ní raibh aon tagairt ar scéalta Foinse ar Nuacht TG4 mar shampla um thrathnóna.

About igaeilge

Athair is fear céile. Iriseoir. Iar eagarthóir Lá Nua/Lá. Ag iarraidh meachan a chailliúint. Suim in úsáid na h-idirlíne ar son na Gaeilge a chur chun cinn.....
This entry was posted in Uncategorized and tagged , , , . Bookmark the permalink.

4 Responses to Cailíní Leathnach 1 ar Foinse

  1. Iarla says:

    Níl sa bhFoinse nua ach forlíonadh san Indo chun cur le díolaíocht an pháipéir sna meánscoileanna. Ní léir go bhfuil tuiscint ar bith ar iriseoireacht ag foireann an ‘pháipéir’ agus ní gá go mbeadh mar gheall ar an mhargadh ar a bhfuil sé dírithe. Ach níl an páipéar nua eile thar mholadh beirte ach oiread, agus más ar an mhargadh céanna atá sé sin dírithe ní mhairfidh sé i bhfad. Seans nach bhfuil a dhath i ndán don fhocal clóite i nGaeilge feasta. Mairfidh sí ar an idirlíon ar feadh tamaill, b’fhéidir….

  2. Gearóid O Muilleoir says:

    Níor chóir iontas a dhéanamh de réalt teilifíse dóighiúil ar chéad leathanach Foinse. Bíonn an rud céanna ar chéad leathanach an Sunday Indo – díolachán thar 250,000 gach seachtain. Níor dúradh riamh – ag éinne – gur buille d’iriseoireacht an nuachtáin sin iad. Nó fiú féin gur masla iad don chine daonna baineann.
    Agus déarfainn fiú go mbíonn níos mó suime ag mná sna scéalta agus pictiúir seo ná mar atá ag fir. Baineann na grianghrafanna seo de ghnáth le cúrsaí showbiz. Bíonn na seilfeanna lán le hirisí na mban a dhíolann suim mhaith airgid fá choinne grianghrafanna mar seo.
    Agus bíonn fógraí breac le híomhánna mar seo fosta. Tá a fhios ag lucht fógraí go dtarraingíonn aghaidh deas nó duine mór le rá aird an léitheora.
    Tá na nuachtáin nua Gaeilge seo beo sa domhan céanna leis na cinn Béarla, mar sin bíodh na scéalta, na híomhánna agus an dearadh den chaighdeán céanna acu.
    Ba chóir go mbeadh rudaí i ngach nuachtán a chuirfeadh gach duine spéis iontu. Má amharcann tú ar Glee nó suim agat i Jedward, nó sa pheil nó sa pholaitíocht, bíodh siad uilig ar fáil.
    Ar ndóigh, is deacair trácht a dhéanamh ar TG4 gan íomhá de dhuine galánta a úsáid. An locht ar Dháthí Ó Sé.
    (Dála an scéil, níl cailín leathanach a trí ag an Mirror.)

    • B’fhéidir tá na pictiúir sin dírithe ar mhná ach is dearcadh sean-aimseartha a deir nach mbíonn suim ag mná i gcúrsaí níos dáiríre ná faisean agus cúrsaí showbiz. Aontaím ba chóir go mbeadh rudaí i ngach nuachtán a chuirfeadh gach duine spéis iontu ach cé mhéid leathanaigh is atá ag Foinse. Ní féidir gach rud a bheith clúdaithe gan ag bheith ag tabhairt neamhaird ar an rud, dar liom, is tábhachtaí le nuachtáin – Tá siad ann chun an nuacht agus na scéalta is tábhachtaí a chur os chomhair an phobal. Nuair atá leath an chéad leathanach tugtha suas le grianghraf de chailín dathúil, conas is féidir leis.

      Bíonn díomá orm gach seachtaine a fheiceáil go bhfuil sé mar an gcéanna ná an seachtaine seo caite ach le bean eile. Faoi láthair, tugaim é díreach chuig mo dheirfiúr níos óige le haghaidh na nótaí Ardteistiméireachta ach ag an am céanna, ní dóigh liom go bhfuil an deis céanna ag Foinse is atá ag Gaelscéal má is rud é go bhfuil sé mar forlíonadh i nuachtán eile. Ní chuirfeadh mé an cleachtais seo i gcomparáid leis na cailíní leathanach 3 ach is léir go gcaithfidh éagsúlacht níos fearr a bheith ar an chéad leathanach, ní iris na mban é!

  3. Pingback: Fóram Iriseoireachta ar oscailt « iGaeilge

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Connecting to %s